An fáiġ agá mbí aisling, inniseaḋ aisling; agus an té agá ḃfuil mfocalsa, laḃraḋ sé mo ḃríaṫar go fírinneaċ. Cred é buáin na cáṫa ris an ccruiṫneaċt? a deir an TIĠEARNA.
An tan a déara misi ris an cciontaċ, Do ġeaḃa tú go deiṁin bás; agus naċ ttiuḃra tusa raḃaḋ ḋó, agus naċ laiḃeora tú do ṫaḃairt raḃaiḋ don ċiontaċ fá na droiċṡliġe, do ṡáḃáil a ánma; éugfuiḋ an droċḋuine sin iona éigceart féin; aċt íarrfa misi a ḟuil as do láiṁsi.
Agus do marḃadar fós ríġṫe na Mídianaċ, táoḃ amuiġ don ċuid eile ḋíoḃ do marḃaḋ; Eḃi, agus Recem, agus Sur, agus Hur, agus Reba, cúig riġṫe Mídian: Balaam mar an ccéadna ṁac Beor do ṁarḃadar leis an ccloiḋeaṁ é.
Uime sin is teaċdaireaḋa sinn as uċd Ċríosd, aṁuil do ċuirfeaḋ día impiḋe oruiḃsi ṫrídne: iarrmaóidni daṫċuinge oruiḃ as uċd Ċríosd, bíġiḋ réiḋ ré Día.
Agus na neiṫe do ċuáluiḋ tú uáimse a láṫair ṁoráin dfíaġnuiḃ, táoḃ na neiṫe céudna ré dáoiniḃ dísle, noċ ḃías foirtill ar ḋáoiniḃ eile do ṫeagusg mar an gcéunda.