Aċt do rinneadar magaḋ fa ṫeaċtuiḃ Dé, agus do ṫarcuisniġeadar a ḃríaṫra, agus do easonóruiġeadar a ḟáiġe, nó gur éiriġ feárg an TIĠEARNA re na ṗobal, ionnus naċ raiḃ a ḃfóiriṫin ann.
Anois ar a naḋḃarsin déanam cunnraḋ re ar Ndía, na mná uile agus an ṁéid do rugadar, do ċuir uáinn do réir ċoṁairle mo ṫiġearna, agus na méide ċrioṫnuiġios re haiṫne ar Ndé, agus déantar é do réir an dliġe.
Oír is íad mo láṁa féin do rinne gaċ aoin ní ḋioḃsin, agus do ḃádar na neiṫesin uile, a deir an TIĠEARNA: aċt is don tí so ḟéuċfus misi, eaḋon don tí atá boċt agus brúiġte a spioraid, agus ċrioṫnuiġios rem ḃreíṫir.
Annsin do láḃair Asariah ṁac Hosaiah, agus Iohanan ṁac Careah, agus na daóine uáiḃreaċa uile, ġa ráḋ re Ieremiah, Láḃraiḋ tú bréug: ní hé an TIĠEARNA ar Ndía do ċuir ṫú ḋa ráḋ, Ná héiriġ don Négipt do ċoṁnuiḋe annsin:
¶ Aċt do ċaṫuiġ tiġ Israel am aġaiḋsi annsa ḃfásaċ: níor ṡiuḃluiġeadar ann mo reaċtuiḃ, agus do ṫarcuisniġeadar mo ḃreiṫeaṁnusa, noċ dá ndéarnaiḋ duine, mairfiḋ sé ionta; agus do ṫruáilliġeadar mo ṡabbóide go mór: annsin a duḃairt mé, Go ndóirtfinn amaċ mo ḋioġaltas orra annsa ḃfásaċ, da scrios.
Do ḃríġ gur ḋísbeagadar mo ḃreiṫeaṁnuis, agus nar ṡiuḃluiġeadar ann mo reaċtaiḃ, aċt gur ṫruáilleadar mo ṡaóire: óir do ċuáiḋ a ccroiḋṫe a ndiáiġ a nioḋail.
Do ḃríġ naċ déarnadar mo ḃreiṫeaṁnuis, aċt gur ḋísbeagadar mo reaċta, agus gur ṫruáilliodar mo ṡaóire, agus go raḃadar a súile a ndiaiġ ioḋal a naiṫreaḋ.
¶ Annsin do laḃair an drong do imeagluiḋ an TIĠEARNA gaċ áon dioḃ ré ċéile go minic: agus déisd an TIĠEARNA, agus do ċúaluiḋ, agus do ḃí leaḃar cuiṁne scríoḃṫa iona ḟíaġnuise don ṁuinntir do imeagluiġ an TIĠEARNA, agus do smúain air a ainm.