Déan deiṫnios, cluin mé, a ṪIĠEARNA: atá mo spiorad ag meirtniuġ: ná foluiġ haġaiḋ uáim, deagla go mbéinn cosṁuil ris an ndroing noċ ṫéid síos annsa log.
Agus siḃsi mar an gcéadna atáṫaoi a nois go dóbrónaċ: giḋeaḋ do ċífe mé a ris siḃ, agus do ḋéunaid ḃur gcroiḋe gáirdeaċus, agus ní ḃéura éunduine ḃur ngairdeaċus uáiḃ.
An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Spiorad ris na heagluisiḋiḃ; Do ḃéura mé don tí ḃeireas buáiḋ, ní ré a iṫe do ċrann na beaṫa, noċ atá a meaḋón ṗárrṫais Dé.
Agus a lár na ṡráide, agus ar gaċ táoḃ don tsrúṫ, do ḃí crann na beaṫa, do ḃeireaḋ ḋá ṫóraḋ ḋéug úaḋ, agus do ḃeireaḋ a ṫóraḋ úaḋ gaċa míos: agus do ḟoġlain duille an ċroinnsin ċum leiġis na gcineaḋaċ.