11 Laiġdeoċṫar saiḋḃrios an díoṁaóinis: aċt an té ċruinniġios lé sáoṫar béuraiḋ sé biseaċ.
Do ṡluig sé saiḋḃrios síos, agus sceiṫfiḋ sé a nios íad a ris: teilgfiḋ Día amaċ as a ḃolg íad.
Oír íosfa tú sáoṫar do láṁ féin: biáiḋ tú sona, agus raċaiḋ go maiṫ ḋuit.
Ní ṫárḃuiġid ionṁusa na nolc aóinní: aċt sáoruiḋ an tionnracus ó ḃás.
As úaḃar aṁáin ṫig an ċeannairg: aċt bí eagna ag na daóiniḃ deaġ-ċoṁairleaċa.
Dóṫċus ar na ċur a ḃfad do ní an ċroiḋe tinn: aċt a núair ṫig an fonn, is crann beaṫa é.
Is féidir oiġreaċt dfaġáil go lúaṫ air ttosaċ; aċt ní buḋ beannuiġ a ċríoċsin.
Faġail ionṁuis lé teangaiḋ bréagaiḋ is díoṁaóineas é ar na ḃogaḋ anonn sa nall ag an ndroing íarrus bás.
Líonfuiḋ an duine fíréanta do ḃeannaċduiḃ: aċt an té do ní deiṫnios ċum ḃeiṫ saiḋḃir ní ḃiáiḋ se neiṁċiontaċ.
Bí droċṡúil ag an té ḋeiṫḃriġios ċum ḃeiṫ saiḋḃir ní ṫuigionn sé go ttiucfa boċtaine air.
An té ṁéaduiġios a ṁaoin lé húsuireaċt agus lé tarḃa éagcóir, cruinneoċuiḋ sé é don tí agá mbía truáiġe don ḃoċt.
Aċt imṫiġe an saiḋḃrios sin seaċad le droċṡáoṫruġaḋ: agus giniḋ seision mac, agus ní ḃíonn éainní iona láiṁ.
Aṁuil luiġios an ṗatruisc air a huiġiḃ, agus naċ gcuirionn íad; marsin an té do ġeiḃ saiḋḃrios, agus naċ lé ceart, fuigfiḋ sé íad a lár a láeṫeaḋ, agus iona ċríċ ḋeiġionuiġ biaiḋ sé na amadán.