9 Is féarr an té ṫarcuisniġṫear, agus agá mbí seirḃíseaċ, ná an té onóruiġios é féin, agus ag naċ bí arán.
Bí cúram ag an duine ionnraic a nanam a ḃeaṫuiġ: aċt is crúaḋalaċ trócaire maiṫ an ċiontuiġ.
Molfuiġṫear duine do réir a eagna: aċt dísbeagfuiḋṫior an té agá mbía croiḋe urċóideaċ.
Bí neaċ ann do ní é féin saiḋḃir, giḋeaḋ ag naċ bí éainní: bí neaċ ann do ní é féin boċt, giḋeaḋ atá sé lán do ṡaiḋḃrios.
Druidiḋ an pubalsa leamsa lé na mbéul, agus onóruiġid me lé na bpusuiḃ; aċd ċeana is fada úaim atá a gcroiḋe.
Oír giḋ bé árduiġeas é féin ísleóċṫar é; agus giḋ bé ísliġeas é féin, áirdeóċṫar é.