Rioṫuid a ccosa ċum uilc, agus do níd deiṫníos do ḋórtaḋ fola neiṁċiontuiġ: is smuáintiġṫe uilc a smuáintiġṫe; atá fásuġaḋ agus aiḋṁilleaḋ iona sliġṫiḃ.
Agus ar néirġe don lá, do ċruinniġeadar dream áiriġe do na Iúdaiġiḃ a gceann a ċéile, agus tugadar mionna, náċ iósadís agus naċ ioḃadís nó go marḃaidís Pól.
Ar a naḋḃarsin íarruiḋsi ar a núaċdarán do ṫoil na cóṁairle a ṫaḃairt dá ḃur láṫuir a máraċ, mar do ḃíaḋ siḃ ar ti fios a ġníoṁarṫaḋ dfaġáil ní as iomláine: agus arámáoidne, ullaṁ ċum a ṁarḃṫa, ní as táosga ná ṫiocfas sé ċuguiḃsi.