Tréigeaḋ an droċduine a ṡliġe, agus an duine neiṁḟíréanta a smuaintiġṫe: agus filleaḋ sé ċum an TIĠEARNA, agus do ḋéana sé trócaire air; agus ċum ar Ndénne, óir maiṫfiḋ sé go líonṁar.
Agus cláonuid síad a tteanga aṁuil a mbóġa ċum bréag: aċt ní ḃfuílid síad cróḋa ar son na fírinne ar an talaṁ; óir tíaġaid ar a naġaiḋ ó ólc go holc, agus ní feas dóiḃ misi, a deir an TIĠEARNA.
Agus meallfuid síad gaċ áon aca a ċoṁarsa, agus ní laiḃeoruid a nfírinne: do ṁúineadar dá tteangaiḋ bréaga do ráḋ, agus do ċoiriodar íad féin lé déanaṁ égceirt.
Ann sín an tan do ċonnairc Iorúaiṫ, go ndearnadar na dráoiṫe fonóṁad faoi, do las sé lé feirg, agus ar gcur úaḋ, do ṁarḃ sé a raiḃ do leanbaiḃ-fear a Mbetleem, agus ann a teórannaiḃ uile, ó áois ḋá mblíaḋan nó fáoi, do reír na haimsire dfoġluim sé go diṫċiollaċ ó na dráoiṫiḃ.
Uime sin ná beiriḋ breiṫ ar áoinní roiṁ a nam, nó go dtíg an Tiġearna, noċ ḟoillseóċas neiṫe folaiġeaċa an dorċadais, agus noċdfus rún na gcroiḋeaḋ: agus ann sin do ġéuḃaiḋ gaċ áon molaḋ ó Ḋía.
Aċd do ṫréigeamar na neiṫe folaiġṫeaċ míoṁacántuis, ní ag siuḃal a cceilg, ná ag truáilleaḋ ḃréiṫre Dé; aċd maille ré foillsiuġaḋ na fírinne do nímid sinn féin ionṁolta do ċoinsias gaċ áon a ḃfíaḋnuisi Dé.