Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 12:28 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 A sliġe na fíréantaċta atá an beaṫa; agus ní ḃfuil bás ar biṫ ann a easánaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 12:28
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tríalluiḋ sáoṫar a nfírein ċum beaṫa: toraḋ an ċionntoiġ ċum peacaiḋ,


Ní ṫárḃuiġid ionṁusa na nolc aóinní: aċt sáoruiḋ an tionnracus ó ḃás.


Aṁail ċéimniġios fíréantaċt ċum beaṫa: mairsin an té leanas an tolc leanuiġ sé ċum a ḃáis féin.


Oír giḋ bé ġeaḃas misi do ġeaḃa sé beaṫa, agus do ġeaḃa faḃar ón TIĠEARNA.


Oír is liomsa méideoċṫar do laéṫe, agus foirlíonfar blíaḋna do ṡáoġail.


¶ Agus a déara tú ris an bpobalso, Is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, do ċuir mé roṁuiḃ sliġe na beaṫa, agus sliġe an ḃáis.


Do ṡiuḃail ann mo reaċtaiḃse, agus do ċoiṁéad mo ḃreiṫeaṁnuis, do ḋéanaṁ go fírinneaċ; atá sé ceart, mairfiḋ sé go deiṁin, a deir an Tiġearna DIA.


Ionnus dó réir mar do ṫiġearnuiġ an peacaḋ ċum báis, go dtiġearnóċaḋ grás mar an gcéudna tré ḟiréantaċd ċum na beaṫa marṫanuiġe tré Iosa Críosd ar Dtiġearna.


¶ Féuċ, do ċuir mé síos a niuġ ḋuit: beaṫa agus maiṫ, bás agus olc:


Gairim neaṁ agus taluṁ a niuġ dfiaġnuisi ḃur náġuiḋ, gur ḟoillsiġ mé as ḃur gcoinne, beaṫa agus bás, beannuġaḋ agus malluġaḋ: uimesin beir beaṫa do roġuin, ionnas go mairfe tú féin agus do ṡlioċd:


Agus a duḃairt sé ríu, Suiġiḋ ḃur ccroiḋṫe ar na huile ḃríaṫraiḃ do nímsi dfiaḋnuġaḋ ḃur measc a niuġ, noċ aiṫeontaói da ḃur ccloinn do ċoiṁéad do ḋéanaṁ, bríaṫar an dliġesi uile.


Más feasaċ siḃ eision do ḃeiṫ fíréunta, bíoḋ fios aguiḃ gur úaḋasan ġeintear gaċ áon leanas don ḟiréuntaċd.


A ċlann ḃeag, ná meallaḋ éinneaċ siḃ: an tí leanas do nfíréuntaċd as firéun é, do réir mar atá seision ná ḟiréun.


A ḋearḃráṫair ġráḋuiġ, na lean don nolc, aċd don ṁaiṫ. An tí do ní an ṁaiṫ is ó Ḋía atá sé: aċd an tí do ní an tolc ni ḟacuiḋ sé Día.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ