Agus do ċonnairc sé gur ṁaiṫ an ní suaíṁneas, agus an duṫaiġ gur taitneaṁaċ é; agus do ċláon a ġuala diomċur úaluiġ, agus táinig na ṡerḃiseaċ do áirdċios.
Agus do ḃí an duine sin Ieroboam na ḋuine arraċdaċ a ngaisgiḋe: agus mar do ċonnairc Solaṁ go raiḃ an tógánaċ tionnscantaċ, do rinne sé úaċdaran de ós cionn ċúruim ṫiġe Ióseṗ uile.
Agus tárla, a nuáir do ċúalada Israel uile Ieroboam do ṫeaċd a rís, gur ċuireadar fios agus gur ġoireadar air ċum an ċoṁċruinniġ, agus go ndéarnadar ríġ ḋe ós cionn Israel uile: ní raiḃ éanduine ag leanṁuinn tiġ Ḋáiḃi, aċd treaḃ Iúdah aṁáin.