A duḃairt seision ris, Is fáiġ misi mar an gcéadna mar ṫusa; agus do laḃair aingeal re breiṫir an TIĠEARNA riom, ġa ráḋ, Taḃair leaċd ar a ais é dot ṫiġ, go niṫe sé arán agus go niḃe sé uisge. Aċd is bréug do rinne sé ris,
Aċt an tí do ḋéanas glóir, glóruiġeaḋ annso, go ttuigionn sé agus go naiṫniġionn sé misi, gur mé an TIĠEARNA ċleaċtas cinéul gráḋaċ, breiṫeaṁnus, agus fíréantaċd, annsa talaṁ: óir is annsna neiṫiḃsi ḋúiliġim a deir an TIĠEARNA.
Agus an trnáilleoċṫaói misi a measc mo ṗobail féin air ḋornánuiḃ éorna agus air ċotċaiḃ aráin, do ṁarḃaḋ na nanmann naċ éugfaḋ, agus do ċuṁdaċ na nannman mbéo naċ mairfeaḋ, le ḃur ndéanaṁ bréag rem ṁuinntirsi noċ ċluinios ḃur mbréaga?
Do ḃríġ go ndéarnaḃair croiḋe na ḃfíréun duḃaċ lé bréagaiḃ, naċ déarna misi duḃaċ; agus gur neartniġeaḃair láṁa an ċiontuiġ, go naċ ḃfillfeaḋ sé ó na ḋroiċṡliġe, lé geallaṁuin a anma ḋó:
Aċd do ġeaḃuid na daóine meata, agus díċreidṁeaċa, agus gráineaṁla, agus luċd dúnṁarḃṫa, agus aḋaltrannuis, agus na bpiséog, agus a nioḋalaḋruiġ, agus a nuile ḃréugaire, a gcuid sa loċ atá ar dearglasaḋ do ṫeine agus do ruiḃ: noċ is dara bás ann.
Oír don táoḃ amuiġ béid na madruiġ, agus luċd na bpiseóg, agus a naḋaltrannuis, agus an dúnṁarḃṫa, agus a nioḋalaḋruiġ, agus gaċ neaċ ġráḋuiġeas agus do ní an ḃréug.