21 Ní ṫeigeoṁa olc ar biṫ ris a nionraic: aċt líonfuiġṫear an droċḋuine do ṫubaiste.
Cuiṁdeoċuiḋ an TIĠEARNA ṫú ó nuile olc: coiṁéadfa sé hanam.
Ní ḃeanfa áonolc riot, agus ní ṫiucfa an ṗláiġ a ccoṁġar dot ṗáillíun.
Uimesin íosuid síad do ṫoraḋ a sliġe féin, agus líonfuiġear íad dá dtionnscantaiḃ féin.
Aċt giḋ bé éistios riomsa, áitreoḃuiḋ sé go daingean agus biáiḋ sé suáiṁneaċ ó eagla a nuilc.
Bíoḋ go níaḋfaḋ láṁ a láiṁ, ní ḃiáiḋ an droċḋuine gan dioġaltas: aċt sáorfuiġṫior slioċt a nfíréin.
Cealg ḃíos a ccroiḋe na droinge noċ smuáinios an tolc: aċt do ċoṁ-airleaċaiḃ na síoṫċána atá gáirdeaċus.
Lionfuiġear re na ṡliġṫiḃ fein an ġearrċumainnaċ a ccroiḋe: agus fásfuiġṫear an duine maiṫ úaḋ féin.
Tríalluiḋ eagla an TIĠEARNA ċum beaṫa: agus an té agá mbí sin anfuiḋ sé sásta; ní ṫiocfuiġṫior ċuige le holc.
Is maiṫ ḋuit greim do ḃreiṫ airso; úaḋso fós, na tarruing do láṁ: óir an te ar a mbí eagla Dé tiucfuiḋ sé asta amaċ uile.
Giḋ bé ċoiṁlionas a naiṫne ní ṁoṫoċuiḋ sé droiċní ar biṫ: agus bí fios aimsire agus breiṫeaṁnuis ag croiḋe an duine ġlic.
Atá tú líonta do náire a náit glóire: iḃse fós, agus bíoḋ do réiṁċroicionn leis: iompoċṫar cupán láiṁe deise an TIĠEARNA ċugadsa, agus biaiḋ sceaṫraċ náireaċ air do ġlóir.
Agus atá a ḟios aguinn go gcoṁoibriġeann gaċ uile ní ċum maiṫeasa do na daóiniḃ ġráduiġeas Día, noċ atá ar na ngairm do reir a órduiġesion.
Oír oibriġiḋ ar mbuáiḋirt éudtrom, noċ naċ ṁairios aċt momeint, níos móḋ go líonṁar agus truime mbairṫanaċ dan ġloire ḋuinne:
Agus cía ḋéunas olc oruiḃ, má leanann siḃ don ṁaiṫ?
Tuguiḋ ḋi do réir mar ṫug sise ḋíḃse, agus tuguiḋ ḋi go dúbalta de réir a gníoṁarṫa: líonuiḋ ḋi go dúbalta an cupán do líon sise ḋíḃse.