2 Gnoḋuiġiḋ an duine maiṫ faḃar an TIĠEARNA: aċt daimneoċuiḋ sé duine na ndroiċṫríall.
Agus deireaḋ Absolon ris, Féuċ, atáid do ċúisionna go maiṫ ceart; aċd ní ḃfuil éanduine ar na órduġaḋ on ríġ dá ḃur néisdeaċd.
Atá an duine maiṫ grásaṁuil, agus áirleacṫaċ: ceannsoċaiḋ sé a ḃríaṫra le breiṫeaṁnus.
Do sluigeaḋ síos na geinte annsa ċlais noċ do rinneadar: annsa líon noċ do ḟoluiġeadar do gaḃaḋ a ccos féin.
Uimesin íosuid síad do ṫoraḋ a sliġe féin, agus líonfuiġear íad dá dtionnscantaiḃ féin.
Giḋ bé ġráḋuiġios teagasg gráḋuiġiḋ sé eólus: aċt an té ḟúaṫuiġios smaċt is brúideaṁuil é.
An té ḟearguiḋṫear go hobann do ní sé amadánaċt: fúaṫuiġṫear fear na ndroiċ-ṫionnsgantaiḋ.
Naċ seaċránuid an drong ṫionsgnas an tolc? aċt biáiḋ trócaire agus fírinne ag án ndruing ṫionnsgnas an ṁaiṫ.
Marsin do ġeaḃa tú faḃar agus tuigsi ṁaiṫ a raḋarc Dé agus duine.
Croiḋe ṫionsgnas smuaintiġṫe urċóideaċa, cosa ḃíos lúaṫ do rioṫ ċum uilc,
Oír giḋ bé ġeaḃas misi do ġeaḃa sé beaṫa, agus do ġeaḃa faḃar ón TIĠEARNA.
¶ Ní ḃfuil duine ar biṫ agá ḃfuil cuṁaċt air an spioraid ċum a spioraide dfostoġ; ní mó atá cuṁaċt aige a ló an ḃáis: agus ní ḃfuil deaġailt aige annsa ccogaḋ sin; ní mó ṡáorfas an tolc an drong do ḃeir íad féin dó.
Oír do ḃí sé na ḋuine ṁaiṫ, agus lán don Spiorad Náoṁ agus do ċreideaṁ: agus do ċuireaḋ ris an Dtiġearna buiḋean ṁór.
Oír deiṁin is deacair go ḃfuileongaḋ duine bás ar son ḟírénuiġ: óir dob éidir go laṁṫaḋ duine éigin bás dfulang ar son ḋuine ṁaiṫ.