16 Aiṫeantar air ball fearg a namadáin: aċt folċuiġ an duine críonna náire.
Oír marḃuiḋ a nfearg an duine amadánta, agus marḃuiḋ an fuaṫ an duine éaittréoraċ.
Dúisgiḋ an fúaṫ imreasuin: aċt folċuiḋ an gráḋ na huile ċionta.
An té laḃras fírinne taisbeanuiḋ sé amaċ fíréuntaċt: aċt is cealg ṫaisbeanas a nfíaḋnuise ḃréugaċ.
Socruiḋ eagna a ccroiḋe an té agá mbí tuigsi: aċt foillsiġṫear an ní atá a meaḋón na namadán.
Is tobar fíoruisge ċum beaṫa an tuigsi don tí agá mbí sí: aċd is amadánaċt teagasg na namadán.
Giḋ bé ċeilios sáruġaḋ íarruiḋ sé gráḋ; aċt giḋ bé aṫnúaiġios cúis dealniġ sé cáirde.
An té ag naċ bí ríaġuil ós cionn a spioruide féin is cosṁuil é re caiṫruiḋ ḃriste síos, gan ḃallaḋa.
Is trom an ċloċ, agus bí an gaineaṁ muiriġineaċ; aċt is truime fearg amadáin ná íad aráon.
Foillsiġ an tamadán a intinn uile: aċt congṁuiḋ an duine críonna a stiġ é nó go ttíg na ḋiáiġ sin.
Uime sin, a ḋearḃráíṫre gráḋaċa, bíoḋ gaċ áon ullaṁ ċum éisdeaċda, mall ċum laḃarṫa, mall ċum feirge: