15 Bí sliġe a namadáin díreaċ iona ṡúiliḃ féin: aċt is críonna an té éistios ré coṁairle.
Eístfiḋ an duine críonna, agus méideoċuiḋ sé foġluim; agus tiucfa duine tuicsionaċ ċum coṁairleaċ críonna:
Eistiġ mac críonna re teagasg a aṫar: aċt ní éisteann tarcuisneaċ armáire.
As úaḃar aṁáin ṫig an ċeannairg: aċt bí eagna ag na daóiniḃ deaġ-ċoṁairleaċa.
Atá sliġe ann do ċiṫear díreaċ do ḋuine, aċt isé a ċríoċ sin sliġṫeaċa an ḃáis.
Eagluiġiḋ an duine críonna, agus dealuiġiḋ ó nolc: aċ cuṫaiġiḋ an tamadán, agus bíḋ sé dóṫċusaċ.
Bíd uile ṡliġṫe an duine glan iona ṡúiliḃ féin; aċt coṁṫromuiġ an TIĠEARNA na spioraid.
Bí sliġe ann do ċiṫear ceart do ḋuine, aċt isé a ċríoċ sin sliġṫeaċa an ḃáis.
Eísd re coṁairle, agus glac teagasg, ċor go mbía tu glic ad ċríċ ḋeiġíonuiġ.
Is díreaċ uile ṡliġe an duine iona ṡúiliḃ féin: aċt measuiḋ an TIĠEARNA na croiḋṫe.
An ḃfaicionn tú duine críonna iona ḃaraṁuil féin? is mó an dóiġ is cóir do ḃeiṫ an amadán ná as.
Is críonna an scraiste iona ḃaraṁuil féin ná moírṡeisior do ḟéadfaḋ réusún do ṫaḃairt úaṫa.
Bíḋ an duine saiḋḃir críonna iona ṫuigsin féin; aċt scrúduiġ an boċt agá mbí tuigsi amaċ é.
Na bí glic ann do ṡúiliḃ féin: bíoḋ eagla an TIĠEARNA ort, agus seaċain an tolc.
Bí ginealaċ ann ḃíos fíorġlan iona súiliḃ féin, giḋeaḋ ní ḃíd niġte ó na salċar.
Taḃair teagasg do ḋuine ċríonna, agus biáiḋ sé níos críonna: múin duine ionnraic, agus méideoċaiḋ sé a nealaḋain.
¶ Is féarr leanaḃ boċt agus críonna ná ríġ seannda amadánaċ, naċ géaḃa teagasg ní sa ṁó.
Ar seasaṁ don Ṗairisíneaċ do ḃí sé guiḋe mar so leis féin, A Ḋiá, beirim buiḋeaċas riot, naċ ḃfuilim mar atáid dáoine eile, a luċd fuáduiġ, éugcóraċ, aḋaltrannaċ, nó fós mar an bpuibliocánaċsa.
Oír dá sáoiliḋ éunduine é féin do ḃeiṫ éifeaċdaċ, ar mbeiṫ ḋó gan éifeaċd, atá sé meallta ann a inntinn féin.