Agus biáiḋ sé ccosṁuil re crann plannduiġṫe láiṁ re haiḃniḃ uisge, noċ do ḃeir a ṫoraḋ iona aimsir íomċuḃaiḋ; ní ċríonfuiḋ fós a ḋuille; agus giḋ bé ní do ḋéana sé tiocfaiḋ biseaċ air.
Luiġiḋ sé a ḃfeiṫeaṁ go diaṁair aṁuil leoṁan iona ḟúaṫais: luiġiḋ sé a ḃfeiṫeaṁ cum beirṫe air na boċduiḃ; beiríḋ sé ar an mboċd, a nuáir ṫairrngios sé é ċum a lín.
Dimṫiġ an deaġḋuine seaċad as an ttalaṁ, agus ní ḃfuil áon ionruic a measg na ndaóine: luiġid uile a luiġeaċán air ḟuil; do níḋ gaċ uile ḋuine fíaḋaċ air a ḋearḃraṫair le líon.
Ní siḃsi do ṫog misi, aċd misi do ṫoġ siḃsi, agus do ċuir mé siḃ, ionnus go nimṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go ḃfanfaḋ ḃur dtoraḋ: ar ċor giḋ bé ní íarrfuiḋe a mainmsi ar a Naṫair, go dtioḃraḋ se ḋiḃ é.
Aċd a nois ar mbeiṫ ḋáoiḃ ar ḃur sáoraḋ ó ṗeacaḋ, agus ar ḃur ndéunaṁ ḃur seirḃiseaċuiḃ dó Ḋía, atá toraḋ aguiḃ ċum náoṁṫaċda, agus an ċríoċ ḋeiġeanaċ an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ.