Ann sin do ċruinniġ ríġ Israel na fáiġe a gcionn a ċéile, timċioll ċeiṫre ċéud fear, agus a duḃairt riu, An raċa mé a naġaiḋ Rámot‐ġílead do ċur caṫa, nó an léigfiḋ me ḋo? Agus a duḃradarsan, Imṫiġ súas; óir toirḃeora an TIĠEARNA a láiṁ an ríġ í.
Aċd an tan do ċífiḋe aḋḟuaṫṁuireaċd an léirsgris, air ar laḃair Daniel an fáiḋ, na ṡeasaṁ ann sa nionad nár ċóir, (tuigeaḋ an té léaġas,) ann sin teiṫeaḋ a mbíaiḋ a ttír Iúdaiġe fá na sléiḃtiḃ.
Ní huime sgríoḃ mé ċuguiḃ do ḃríġ go raiḃ siḃse ainḃfiosaċ sa ḃfirinne, aċd ar a naḋḃar go ḃfuil a eólus aguiḃ, agus naċ ḃfuil bréug ar biṫ ón ḃfírinne.
Aċd atá an tungaḋ do ġlacaḃair úaḋsan na ċoṁnuiġe ionnuiḃ, agus ní ḃfuil na riaċdanus oruiḃ neaċ ar biṫ ḃur múnaḋ: aċd mar ṁuineas an tungaḋ sin siḃ a dtáoḃ na nuile neiṫeann, agus as fírinneaċ é, agus ní ḃfuil bréug ann, agus do réir mar do ṁúin sé siḃ, do ḋéunuiḋ siḃ coṁnuiġ annsan.