7 A nuair éugas an droċḋuine, éugaiḋ a ḋóṫċus: agus imṫiġiḋ dóṫċus na ndaoine neiṁionnraic.
Aċt failleoċuid súile na cciontaċ, agus ní raċuid as, agus biáiḋ a ndóṫċus aṁuil séideaḋ anála.
Ċífe an peacaċ sin, agus biáiḋ fearg air; do ḋéana sé díosgán ré na ḟíacluiḃ, agus leiġfe sé: meiṫfe mían an ṗeacaiḋ.
Téid a anal amaċ, fillfiḋ sé ċum a ṫalṁan; meaṫaid a smúaintiġṫe an lásin féin.
Dóṫċus ḃus lúaṫġáire do nfíréun: aċt raċaiḋ furaċus an droċḋuine ar meaṫ.
Is neart do nionruic sliġe an TIĠEARNA: aċt bíaiḋ sgrios air luċt oibriġṫe a néigceirt.
Tárṫuiġṫear an fíréun as a ḃuáireaḋ, agus ṫig an droċḋuine iona áit.
Díbearṫar an ciontaċ as iona ċionntaiḃ: aċt bí dóṫċus ag an ḃfíréan iona ḃás.
A naibéora tú fós a laṫair an té ṁarḃus ṫú, Is mé Dia; aċt biáiḋ tú ad ḋuine, agus ní Día ar bíṫ ṫú, a láiṁ an té ṁarḃus ṫú.