Teilgfid siad a nairgiod annsna sráidiḃ, agus áṫroċar a nór: ní ḟéadfuiḋ a nairgiod nó a nór a sáoraḋ a ló ḟeirge an TIĠEARNA: ní ṡáiseoċuid síad a nanmauna, ní líonfuid a nionaṫar: do ḃríġ gur bé ceap tuisliġ a néigceart é.
Ní mó ḟeadfas a nairgiod nó a nór a sáoraḋ a ló ḟeirge an TIĠEARNA; aċt sluigfiġear an talaṁ uile le teine a éuda: óir cuirfiḋ sé deireaḋ deiṫneasaċ leis a nuile ḋuine dá náitreaḃann san tir.
Oír créd é a ṫarḃa do ḋuine, da ngnoḋuiġeaḋ sé an doṁan uile, agus a anam féin do leígean a muġa? No créd í an ṁalairt do ḃeuraḋ duine ar son anma féin.
Oír más do ḃríġ áonċoire aṁáin do ġaḃ an bás rioġaċd tré áonduine; is mó ná sin go mór do ġéuḃá an ṁuinntir ġlacas fáirsingi ġrása agus ṫaḃartais na fireantaċda rioġaċd a mbeaṫa tré áon, eaḋon Iósa Críosd.
Oír as beag an tarḃa a dtéid an cleaċdaḋ corparrḋa: aċd is tarḃaċ an díaġaċd ċum na nuile neiṫeann, agá ḃfuil geallaḋ na beaṫa atá a laṫair, agus ċum teaċda.