Agus a duḃairt Iácob ré Símeon, agus ré Léḃi, Do ċuireaḃair buáiḋreaḋ orum, mo ḋéanaṁ bréun a measg aitreaḃaḋ na tíre, a measg na Ccanaaniteaċ, agus a measc na Bperisiteaċ: agus gan mé aċ beagán a nuiṁir, cruinneoċuid íad féin uile am aġuiḋ, agus muirfid mé; agus sgriosfuiġer mé féin agus mo ṫiġ.
Agus is géar an tolcsa mar an gcéadna: air an ṁoḋ céadna a ttáinic sé, go nimṫeoċa sé aṁluiġ: agus cred é an soċar atá ag an té do ṡáoṫruiġ ní don ġaóiṫ?
Oír do ṡíoladar an ġáoṫ, agus beanfúid an ġáoṫ ġuáirdeain: ní ḃiáiḋ connlaċ aige: ní ṫiuḃra an coinlín min uaḋa: má ḃeir, isé an coiṁṫiġeaċ ṡluigfios súas í.
Anois ar a naḋḃar sin bióḋ a ḟios agad agus meas cred ḋéanas tú; óir do cínneaḋ olc a naġaiḋ ar maiġistir, agus a naġaiḋ a ṫiġe uile: óir sé a leiṫeíd sin do ṁac do Ḃélial é, naċ ḃféadann duine laḃaírt ris.
Anois do bé ainm an duine Nábal; agus ainm a ṁná Abigail: agus bá bean ḋeaġṫuigsionaċ í, agus sgíaṁaċ a ngnúis: áċd do ḃí an fear íargcúlta agus go holc iona ġníoṁarṫaiḃ; agus bá do ṫiġ Ċaleb é.