Agus do ḟreagair Asariah árdṡagart ṫiġe Sádoc é, agus a duḃairt, O a núair fár ṫionsgnadar an pobal na hofrála do ṫaḃairt a steaċ go tiġ an TIĠEARNA, do ḃí go lór aguinn ré iṫe, agus dfágḃamar go lór: óir do ḃeannuiġ an TIĠEARNA a ṗobal; agus an ní do fágḃaḋ sé an stór mórso é.
Do ċuireaḃair mórán, agus is beag ḃearṫaoi a steaċ; iṫí, aċd ní ḃfuil go lór aguiḃ; iḃṫi, aċt ní ḃfuiltí líonta do ḋiġ; éaduiġṫí, aċt ní ḃfuil áonduine aguiḃ seasgair; agus an té ṫuillios túarustal tuilliġ sé túarastal dá ċur a mála ḃrisde.
Taḃruiḋ úaiḃ, agus do ḃéurṫar ḋáoiḃ; agus do ḃéuruid dáoine an ḃur nnċed, moisúr maiṫ, dingṫe, craiṫte agus ag dul ṫairis. Oír as lesi an miosúr an a dtoiṁéosdáoi, toiṁéosdar mar an gcéudna ḋáoiḃ.
Do ḃéura tú ní ḋó go deiṁin, agus ní ḃiáiḋ doirḃeas ar do ċroiḋe an tráṫ ḃéuras tú ḋó é: de ḃríġ go mbeinneoċuiḋ do ṪIĠEARNA Día ṫú air son an neiṫesi ad uile oibriġiḃ, agus an gaċ uile ní iona gcuirte tú de láṁ.