21 Bíoḋ go níaḋfaḋ láṁ a láiṁ, ní ḃiáiḋ an droċḋuine gan dioġaltas: aċt sáorfuiġṫior slioċt a nfíréin.
Aċt do ċoiṁlíon tusa breaṫ na ccionntaċ: do rug breiṫeaṁnus agus ceart greim ort.
Atá sé trócaireaċ, agus áirleagṫaċ; ar feaḋ an laói, agus atá a ṡlioċd beannuiġ.
Ní leanfa tú iomad do ḋeanaṁ uilc; ní mó laiḃeórus tú a gcúis do ċláonaḋ lé morán do ṫaḃaċ breaṫeaṁnuis:
Connuiṁ ṫú féin a ḃfad ó ċúis ḃréugaiḋ; agus an neiṁċiontaċ agus an fírean ná marḃ ṫusa: óir ní ġeaḃa misi leiṫscéal an droċḋuine.
An drong agá mbí croiḋe urċóideaċ is aḋḟúaṫṁaireaċd don TIĠEARNA íad: aċt an ṁéid ḃíos díreaċ íona sliġe a síad sin a ḋúil.
Mar ṡéud óir a sruiṁ muice, is mar sin ḃíos bean ḃréaḋa air ḋíṫ discréide.
Ní ṫeigeoṁa olc ar biṫ ris a nionraic: aċt líonfuiġṫear an droċḋuine do ṫubaiste.
Fágḃuiḋ an duine maiṫ oiġreaċt ag cloinn a ċloinne: agus cuirṫear maóin an ṗeacaiḋ a stór do nionnruic.
Is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA gaċ uile ḋuine ḃíos uáiḃreaċ a ccroiḋe: bíoḋ go níuḋfaḋ láṁ a láiṁ, ní ḃíaiḋ se gan dioġaltas.
Ní ḃfuil roḟearg ionnamsa: cía ċuirfeaḋ na dreasa agus na dosáin am aḋaiġsi a gcaṫ? do raċuin tríoċa, do loisgfinn lé ċéile íad.
Agus do ḃéara mé áon ċroiḋe aṁáin dóiḃ, agus aóintsliġe aṁáin, ċor go mbía meaglasa orra go bráṫ, ar ṁaiṫiḃ ríu, agus re na ccloinn na ndiáiġ:
¶ Annsin do ḟreagair a nuile ḋuine dá raiḃ a ḟios gur loisgeadar a mná túis do ḋéeiḃ oile, agus na huile ṁná dar ṡeas na ḃfoċair, a ccoiṁṫionól ṁór, eaḋon an pobal uile dáitreiḃ a ccríċ na Hégipte, ann Patros, do Ieremiah, ġa ráḋ,
Oír is dáoiḃsi do rinneaḋ an geallaḋ, agus dá ḃar gcloinn, agus dá gaċ nduine a ccían, eaḋon gaċ áon ġoirfeas ar Dtiġearna Día.