18 Oibriġiḋ an droċḋuine obair ṁeallta: aċt don té ṡíolċuireas fíréantaċt biáiḋ lúaċ dearḃṫa aige.
Uime sin do rinne Día go maiṫ ris na mnáiḃ tuismiġe: agus do líonadur na daóine, agus do ḟásadur ro láidir.
Agus cuirid síad luiḋeaċán ar a ḃuil féin; luiġid a nuáignios air a nanmannaiḃ féin.
Tríalluiḋ sáoṫar a nfírein ċum beaṫa: toraḋ an ċionntoiġ ċum peacaiḋ,
An té ṡíolċuirios éigceart buainfiḋ sé díoṁaoineas: agus failleoċaiḋ slat a ḟeirge.
Géaḃuid a éaigcearta féin an ciontaċ, agus coinneoċṫar é lé córduiḃ a ṗeacaiḋ.
An té ṫoċlas poll tuitfiḋ sé féin ann; agus giḋ bé ḃrisios fál, goirteoċuiḋ naiṫir niṁe é.
Atá a ccroiḋe roinnte; anois do ġeaḃṫar ciontaċ íad: brisfiḋ sé síos a naltóra, millfiḋ sé a níoṁáiġe.
Agus an té ḃeannas glacaiḋ sé túarasdal, agus cruinniġe sé toraḋ ċum na beaṫa marrṫannuiġe: ar ċor go mbía an té ṡíolċuireas agus an té ḃeanus lúaġáireaċ a néinnḟeaċd.
Gur coir ḋáoiḃ do réir na céud ċoinḃearsáide an seanduine do ċur ḋíḃ, noċ atá ar na ṫruáilleaḋ ó ainṁíanuiḃ seaċráin;
Agus síolċurṫar toraḋ na fíreuntaċda a síoṫċáin do luċd déunta na síoṫċána.