Aċt a núair ṫáinic Ester a laṫair an ríġ, daiṫin se le litreaċaiḃ an droiċṫionnsgnaṁ, do ṫríall sé a naġaiḋ na Niúduiġeaḋ, dfilleaḋ ar a ċeann féin, agus é féin agus a ṁic do ċroċaḋ san ccroiċ.
¶ Fúagair ós áird a bpálásaiḃ Asdod, agus a bpálasaiḃ ċríċe na Hégipte, agus abaír, Cruinniġiḋ siḃ féin air ṡleiḃtiḃ Ṡamáriah, agus féuċuiḋ an crionċán mór iona lársin, agus an drong anróiḋteaċ iona lársin.
A deirim riḃ go fírinneaċ, Giḋ bé ar biṫ ball ar feaḋ an doṁuin, a ndéantar an sóisgéulsa do ṡeanmóir, go naiṫréosdar mar an gcéadna an nisi do rinne an ḃeansa, mar ċuiṁne uirrṫe.
Ann sin ar néirġe do Ṗeadar ṫáinic sé ríu. Agus ar dteaċd ḋó, rugadar súas don tséomra úaċdaraċ é: agus do ṡeasadar na baintreaḃaċ uile na aice ag cáoi, agus ag taisbéanaḋ na gcótaḋ agus na gcúlaiḋeaċ do rinne Dorcás, an feaḋ do ḃí sí na ḃfoċair.
An, seanóir ċum na bainntíġearna toġṫa agus ċum a cloinne, dá ḃfuil mo ġráḋ go fírinneaċ; agus ní hé mo ġráḋsa aṁáin, aċd gráḋ na nuile mar an gcéudna noċ fuáir eólas ar an ḃfírinne;