Mar sin annois ní siḃsi do ċuir uaiḃ mé áċ Día: agus do rinne sé aṫair ḋíomsa do Ṗárao, agus tiġearna ós cionn a ṫiġ uile, agus úaċdaran ar feaḋ ċriċe na Hégipte uile.
Agus tárla go raiḃ óglaċ do Ḃelial annsin dar ḃamm Séba, ṁac Biċri, Beniamiteaċ: agus do ṡéid sé stoc, agus a duḃairt, Ní ḃfuil cuid ar biṫ aguinne a Ndáiḃi, ní mó atá oiġreaċd aguinn a mac Iesse: ṫéiġeaḋ, gaċ éanduine dá lóistín féin, O Israel.
Agus as teine an teanguiḋ, doṁan na héugcora: as mar sin atá an teanguiḋ ar na suíġeaḋ a measg arm ball, go salċann an corp uile, agus go gcuireann air lasaḋ sdaid ar mbeaṫa ó ġeintear sinn; agus is ó ifrion lastar í.