Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 11:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 A nuáir ḃiṫear go maiṫ ag na fíréanaiḃ, gáirdiġiḋ an ċaṫair: agus a nuáir marḃṫar an droċḋuine, bí lúaṫġáire ann

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 11:10
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus bá lúaṫġáireaċ dáoine na tíre uile, agus do ḃí an ċaṫair súaiṁneaċ: agus do ṁarḃadar Ataliah leis an gcloiḋeaṁ láiṁ ré tiġ an ríġ.


Agus daṁairc sí, agus, féuċ, do ṡeas an ríġ agá ṗiléur ag an ndul a steaċ, agus na prionnsaḋa agus na trumpaḋa a ḃfoċair an ríġ: agus do ḃí pobal na tíre úile ag gáirdeaċus, agus ag déanaṁ fuáime lé stocaiḃ, agus an luċd ciúil le haḋḃaḋuiḃ ciúil, agus an ṁéid do ṫeagaisgeaḋ duáin ṁolta. Ann sin do ḃris Ataliah a héadaċ, agus a duḃairt, Feall, feall.


Agus do rinneadar daóine na tíre uile lúaṫġáire: agus do ḃí an ċaṫair suáiṁneaċ, tar éis Ataliah do ṁarḃaḋ leis an ccloiḋeaṁ.


Buáilfid daóine a mbasa fa ċéile uime, agus sgigfid amaċ as a áit é.


Agus do ḟreagair Míriam íad, Canuiḋ don TIĠEARNA, oír rug sé búaiḋ go glórṁar; an teaċ agus an marcaċ do ṫeilg sé san ḃfairge.


Lé beannuġaḋ a nionnraic árduiġṫear an ċaṫair: aċt leagṫar í le béul an ċionntuiġ.


A nuáir ġáirdiġid na daoine ionnraca, bí glóir ṁór annsin: aċt a nuáir éirġios an cointaċ, folċaiḋ duine é féin.


A nuáir éirġid na droċḋaoine, folċuid na daoine íad féin: aċt a nuáir imṫiġid seaċad, líonuid na fíréin.


Gáirdiġ an pobal, a nuáir ḃíd na fíréin a ccuṁaċt: aċt a nuáir ḃíos úaċtaránaċt ag an droċḋuine, osnaiġe an poball.


Annsin gáirdeoċuiḋ neaṁ agus talaṁ, agus a nuile ní dá ḃfuil ionnta ar son na Babilóine: óir tiucfuid na creaċadóiriḋ ċuice ón tuáisceart, a deir an TIĠEARNA.


Marsin a ṪIĠEARNA go gcláoiḋtear do naiṁde uile: aċ bíoḋ an ṁeid ler ḃionṁuin é mar an ngreín a núair éirġios súas iona neart. Agus do ḃí súaiṁnios agan taluṁ ceaṫraċad blíaḋan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ