1 Is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA coṁṫrom ḟallsa: aċt sé an coṁṫrom ceart a ḋúil.
Is leis an TTIĠEARNA scálaḋa agus ċoṁṫruim ċearta: is íad a obair coṁṫruim an ṁála uile.
Coṁṫruim éagsaṁla, agus meaḋa éagsaṁla, atáid aráon aḋḟúaṫṁar a ḃfiaġnuise an TIĠEARNA.
Is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA coṁṫruim éagsaṁla; agus an meaḋ mealltaċ ní maiṫ í.
¶ Is ceannuiġe é, atáid meaḋá na mealltóireaċda iona láiṁ: gráḋuiġ sé foiréigion do ḋéanaṁ.
Agus a duḃairt Eṗraim, Giḋeaḋ ṫáinic mé ċum ḃeiṫ saiḋḃir, fuáir mé substaint: ann mo ṡáoṫruiḃ uile ní ḃfuiġid síad éigceart air bioṫ ionnam, do ḃí na ṗeacaḋ.