8 Glacfuiḋ an duine glic a ccroiḋe aiṫeanta ċuiġ: aċt tuitfiḋ an tamadán síorċainteaċ.
Taḃair tuigse ḋaṁ, agus coiṁeadfad do ḋliġe; agus coiṁlíonfad é le mo ċroiḋe iomlán.
Eístfiḋ an duine críonna, agus méideoċuiḋ sé foġluim; agus tiucfa duine tuicsionaċ ċum coṁairleaċ críonna:
An té ċláonas le na ṡúil taḃuiġ sé dóbrón: aċt tuitfiḋ a nóinṁid ṡíorċainteaċ.
Do níd na daoine críonna stór éoluis: aċt is fogus béul a namadáin daiḋṁilleaḋ.
Giḋ bé ġráḋuiġios teagasg gráḋuiġiḋ sé eólus: aċt an té ḟúaṫuiġios smaċt is brúideaṁuil é.
Gaḃṫar an droċḋuine a míolaḃairt a ḃéil: aċt tiucfaiḋ an fíréun amaċ as buáiḋreaḋ.
An té ċoiṁéadas a ḃéul coiṁéaduiġ sé a anam: aċt an té osclas a ṗnisíne go fairsing díoṫlaiṫriġṫear é.
Bí tarḃa ann gaċ uile ṡáoṫar: aċt tríalluiḋ caint na bpuisíneaḋ aṁáin ċum easḃuiġt.
Isé gliocas a neagnuiḋe a ṡliġe do ṫuigsin: aċt is cluáin leiṁe na namadán.
Ná haiṫḃioruiġ tarcuisneaċ, deagla go ḃfúaṫoċaḋ sé ṫú: cronuiġ duine críonna, agus ġráiḋeoċuiḋ sé ṫú.
Taḃair teagasg do ḋuine ċríonna, agus biáiḋ sé níos críonna: múin duine ionnraic, agus méideoċaiḋ sé a nealaḋain.
Bid bríaṫra ḃéil an duine ġlic grásaṁuil; aċt sluigfid puisíne a namadáin é féin súas.
Cía atá na ḋuine eagnuiḋe íulṁar eadruiḃ? taisbéunaḋ sé a oibreaċa féin as a ċoinḃearsáid ṁáiṫ maille ré ceannsaċd éagna.