Agus do ḃéara mé aointreaḃ aṁáin da ṁacsan, ċor go mbía ag Dáiḃi mo ṡearḃḟoġantuiġ solus roṁam a ccoṁnuiġe ann Ierusalem, an ċaṫair do ṫoġ mé ḋaṁ féin do ċur manma innte.
Agus do ċoduil Heseciah agá aiṫriḃ, agus do aḋlaiceadar é annsa túama dob onoruiġ ag macaiḃ Ḋáiḃi: agus do rinne Iúdah uile agus áitreaḃuiġ Ierusalem onóir ḋó a nam a ḃáis. Agus do ríoġuiḋ Manasseh a ṁac ióna áit.
Agus is marsin do ċonnairc mé na droċḋaóine dá naḋlacaḋ, noċ do ṫigeaḋ agus dimṫiġeaḋ ó áit an náoiṁ, agus do dearmadaḋ annsa ċaṫruiḋ íad iona ndéarnadar sin: is díoṁaóineas so mar an ccéadna.
Oír éireoċa misi súas na naġaiḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus géarrfa mé ón Ḃabiloin an tainm, agus an fuiġioll, agus an mac, agus mac an ṁic, a deir an TIĠEARNA.
O a ṪIĠEARNA, a ḋóṫċuis Israel, biáiḋ náire ar gaċ a ttréigiona ṫusa, agus na daoine ḋeileoċus riomsa béid scrioḃṫa annsa talaṁ, do ḃríġ gur ṫréigeadar an TIĠEARNA, tobar na nuisgeaḋ mbéo.
A deirimsi riḃ go fírinneaċ, Giḋ bé ar biṫ ball ar feaḋ an doṁain uile an a ndéantar an soisgeulsa do ṡeanmóir, go ninnéosdar an nísi do rinne sisi leis mar ċuiṁne uirrṫe.