32 Aiṫniġid puisíniġ a nfíréin cred is ionġlacṫa: aċt laḃruiḋ béul an ċiontuiġ go cam.
Lé beannuġaḋ a nionnraic árduiġṫear an ċaṫair: aċt leagṫar í le béul an ċionntuiġ.
Bíḋ drong ann laḃras cosṁuil re sáiṫiḃ cloiḋiṁ: aċt is sláinte teanga a neagnuiḋe.
Bíd bríaṫra an droċḋuine na luiġe a cceilg ar ḟuil: aċd tárṫoċuiḋ béul a nfíréin íad.
Gnáṫuiġ teanga a neagnuiġe éolus go ceart: aċt dóirtiġ béul na namadán leiṁe amaċ.
Stuidéaruiḋ croiḋe a nionraic ċum freagarṫa: aċt dóirtiġ béul an ċiontuiġ droiċneiṫe amaċ.
Dot ṡáoraḋ ó ṡliġe an droċḋuine, ón duine laḃras neiṫe éaigcneasta;
Cuir a ḃfad uáit béul óbann, agus puisiniġ crosanta cuir a ḃfad uait.
Droċḋuine, duine gan ṁeas, siuḃluiġiḋ sé le droiċḃéul.
Bid bríaṫra ḃéil an duine ġlic grásaṁuil; aċt sluigfid puisíne a namadáin é féin súas.
Do ṫairg an seanmóntuiġe briaṫra toġṫa dfaġáil amaċ: agus an ní do scríoḃaḋ do ḃí sé díreaċ, bríaṫra na fírinne.
Ar a naḋḃarsin, a ríġ, gaḃ mo ċoṁairlesi, agus bris díot do ṗeacuiḋe lé fíréuntas, agus héigceart lé foillsiuġaḋ trócaire do na boċdaiḃ; más faduġaḋ ar do ṡíoṫċáin é.
Briaṫar ḟalláin náċ feidir a loċduġaḋ; ionnus go mbíaḋ aḋnáire ar an to ċuireas ḃur naġuiḋ, ar mbeiṫ ḋó gan droċ ní ar biṫ aige ré a raḋ ḃur dtáoḃso.