31 Do ḃeir béul an duine ċeirt críonaċt úaḋ: aċt géarrfuiġṫear amaċ an teanga ṁillteaċ.
Noċ a duḃairt, Le ar tteangaiḋ buáiḋirfeam; is linn féin ar bpuis: cía is tiġearna ós ar ccionn?
Déantar pussa na mbréug balḃ; noċ laḃrus neiṫe géura a naġaiḋ na ḃfíréun re húaḃar agus re tarcuisne.
Laiḃeoruiḋ béul a nfíréin eagna, agus laiḃeoruiḋ a ṫeanga breiṫeaṁnus.
Agus do ḋéana an ríġ lúaṫġáir a Ndía; do ḋéana gaċ áon ṁionnuiġeas ṫrídsion glóir: óir druidfear béul na druinge do ní bréuga.
Is tobar beaṫa béul an duine ionruic: aċt folċaiġ foiréigion béul na cciontaċ.
Do ġeiḃṫior eagna a mbéul an té agá mbí tuigse: aċt atá slat a ccoinne ḋroma an té ḃíos a néagṁuis tuigsiona.
Ann té agá mbí croiḋe crosta ní ḟaġan sé maiṫ air biṫ: agus an té agá mbí teanga ṁillte tuitiḋ sé a nurċóid.
Oscluiḋ sí a béul re gliocus; agus iona teangaiḋ atá dliġeaḋ an ċinéultais.