3 Ní ḟuileonguiḋ an TIĠEARNA anam a nionruic do ḋul don ġorta: aċt teilgiḋ sé maóin an ċiontaiġ seaċad.
Bí sé air sírṡiuḃal ag íarruiḋ aráin, gá raḋ, Cáit a ḃfuil sé? atá a ḟios aige go ḃfuil lá an dorċadais aige air ball.
Deileoċuiḋ biseaċ a ṫiġe ris, agus imeoċuiḋ a ṁaóin seaċad a ló a ḟeirg.
A ngorta fuáisgéola sé ṫú ó ḃás: agus a ccogaḋ ó ċuṁaċdaiḃ an ċloiḋiṁ.
Do ċonnairc tú é; oir do ḃeir tú aire durċóid agus do ṁioscuis, ċum a ċúitiġ led láiṁ: tiomnuiġiḋ an boċd é féin duit; is tú coḃarṫóir na ndílleaċd.
Ċífe an peacaċ sin, agus biáiḋ fearg air; do ḋéana sé díosgán ré na ḟíacluiḃ, agus leiġfe sé: meiṫfe mían an ṗeacaiḋ.
Do ṡáoraḋ a nánma ó ḃás, agus dá ccongṁáil béo a ngorta.
Ní ḃiáiḋ náire orra a naimsir a nuilc: agus béid sásuiġ a laéṫiḃ na gorta.
Do ḃí mé óg, agus a nois atáim áosta; aċt ní ḟaca mé an fíréun ar na ṫréigion, agus a ṡlioċt ag íarruiḋ déirce aráin.
Cuir do ḋóiġ annsa TIĠEARNA, agus déan maiṫ; áitreiḃiġ tú annsa dúiṫċe, agus beaṫóċar ṫú go deiṁin.
Iṫiḋ an fíréun do ṡásaḋ a anma: aċt biaiḋ ríaċtanas ar ḃolg an droċḋuine.
Díbearṫar an ciontaċ as iona ċionntaiḃ: aċt bí dóṫċus ag an ḃfíréan iona ḃás.
An té agá mbí croiḋe uáiḃreaċ, cuiriġ sé ceannairg air siuḃal: aċt do ḋéantar méiṫ an té ċuirios a ḋóiġ annsa TIĠEARNA.
An té iompoiġios a ċlúas ó ċluinsion an dliġe, biáiḋ a ġuiḋesin na aḋḟúaṫṁaireaċt.
Aitreoḃuiḋ go hárd: buḋ íad daingneaċ na ccarrag a áit cuṁduiġ: do ḃéarṫar arán dó; buḋ dearḃṫa a uisge.
Ní mó ḟeadfas a nairgiod nó a nór a sáoraḋ a ló ḟeirge an TIĠEARNA; aċt sluigfiġear an talaṁ uile le teine a éuda: óir cuirfiḋ sé deireaḋ deiṫneasaċ leis a nuile ḋuine dá náitreaḃann san tir.
Aċd ċeanna Iárruiḋsi rioġaċd Dé; agus teilgfiḋṫear na neiṫesi uile ċuguiḃ.