Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 10:28 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Dóṫċus ḃus lúaṫġáire do nfíréun: aċt raċaiḋ furaċus an droċḋuine ar meaṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 10:28
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt failleoċuid súile na cciontaċ, agus ní raċuid as, agus biáiḋ a ndóṫċus aṁuil séideaḋ anála.


Is marsin atáid casáin gaċ áoin ḋearmadas Día; agus raċuiḋ dóṫċus a nfúarċráiḃṫiġ a muġa:


Ċífe an peacaċ sin, agus biáiḋ fearg air; do ḋéana sé díosgán ré na ḟíacluiḃ, agus leiġfe sé: meiṫfe mían an ṗeacaiḋ.


Uime sin atá mo ċroiḋe lúaṫġáireaċ, agus gáirdiġiḋ mo ġlóir: coiṁneoċuiḋ mo ċolann mar an ccéadna a ndóṫċus.


Canaiḋ do Ḋía, canaiḋ psalm ḋa ainm: árduiġiḋ an té do ní marcuiġeaċd ar na flaiṫís re na ainm IAH, agus deanuiḋ gáirdeaċus ós a ċoinne.


Fonn a nfíréin aṁáin an ṁaiṫ: aċt dóṫċus an droċḋuine dioġaltas.


A nuair éugas an droċḋuine, éugaiḋ a ḋóṫċus: agus imṫiġiḋ dóṫċus na ndaoine neiṁionnraic.


Díbearṫar an ciontaċ as iona ċionntaiḃ: aċt bí dóṫċus ag an ḃfíréan iona ḃás.


Bí paintér a sáruġaḋ an droċḋuine: aċt canuiḋ an fíréun agus lúaṫġáiriḋ sé.


Ag déunaṁ gáirdeaċais tré ḋóṫċas; foiġideaċ a mbuáiḋearṫuiḃ; cóṁnuiġeaċ a núrnaiġe;


Agus go líonaiḋ Día an dóṫċais siḃse do gaċ uile ġáirdeaċus agus ṡoiṫċáin ó ċreideaṁ ḋáoiḃ, ionnus go maḋ móide ḃur ndóṫċas, tré ċúṁaċdaiḃ an Spiorad Náoiṁ.


Tré na ḃfúaramar mar an gcéadna sliġe trés an gcreideaṁ ċum na ngrása ann a seasmáoid, agus a ndéanmáoid gáirdeaċás fá ṁuiníġin ġlóire Dé.


Agus gó dtuguiḋ an Tíġearna féin Iósa Críosd, agus Día, eaḋon ar Naṫair, noċ do ġráḋuiġ sinn, agus tug ḋúinn coṁḟurtaċd síorruiḋe agus muiniġin ṁaiṫ tré ġrás,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ