An té naċ ccuireann amaċ a ċuid airgid cum úsúireaċda, is naċ glacann luáiḋeaċd a naġaiḋ na neiṁċiontaċ. An té do ní na neiṫeso ni háṫroċṫair é go bráṫ.
Fós, ní planndoċṫar íad: fos, ní siolċuirfiġear íad: fós, ní ġéaḃuiḋ a mbun fréuṁ annsa talaṁ: agus séidfiḋ sé fós orra mar an ccéadna, agus críonfuid, agus béaruiḋ an ġáoṫ ġuairdéain lé íad aṁuil connlaċ.
Giḋeaḋ fanuiḋ fonndameint ḋaingean Dé ar bun, aga ḃfuil an séulasa, eaḋon Go ḃfuil fios a ṁuinntire féin ag an Dtíġearna. Agus, Gaċ áon ġoireas ar ainm Ċríosd seaċnaḋ sé a néugcóir.