Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 10:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Do ní beannuġaḋ an TIĠEARNA, saiḋḃir, agus ní ċuirionn doilġios ar biṫ iona ċoiṁideaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 10:22
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḋéuna mé cineaḋ mór ḋíot, agus beannóċuiḋ mé ṫú, agus do ḋeuna mé hainm mór; agus biaiḋ tú ad ḃeannuġaḋ:


Agus do ḃí Abram ro ṡaiḋḃir a náirnéis, a nairgead, agus a nór.


Naċ glacfaiḋ misi ó ṡnáiṫe go héille bróige, agus naċ nglacfa mé einní is leaċdsa, deagla go naibéorṫá, do rinne mé Abram saiḋḃir:


Agus do ḃeannuiġ an TIĠEARNA mo ṁaiġistir go mór; agus do ḟás sé mór; agus tug sé ḋó tréuda, agus airġeaḋa, agus ór agus airgead, agus seirḃísiġ fear, agus seirḃísiġ ban, agus cáṁuill agus asail.


Annsin do ṡíolċuir Isaac ann sa dúṫaiḋ sin, agus fuair san ḃlíaḋain ċéadna céad oiread: agus do ḃeannuiġ an TIĠEARNA é:


Agus do ḟás an tóglaċ go mór, agus do ċuaiḋ ar aġuiḋ, agus do ḟas nó go raiḃ roṁór:


Agus laiḃeoruiḋ tú ris, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA, Nar ṁarḃ tú, agus fós nar ġaḃ tú sealḃ? Agus laiḃeoruiḋ tú ris, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA, An tionad ann ar liġeadar na madruiġ fuil Nábot annsin liġfiḋ na madruiġ, eaḋon ṫfuilsi féin.


Agus do ġoir Iábes ar Ḋía Israel, ġa ráḋ, Uċ naċ beannuiġeann tú misi ḋá ríriḃ, agus mo ṫeóruinn dfairsingeaḋ, agus go mbeiṫ do láṁ liom, agus go ccuiṁdeoċṫá ar olc mé, ċor naċ goillfeaḋ sé orum! Agus do áontuiġ Día ḋó an ní díarr sé.


Agus a duḃairt Amasiah re hóglaċ Dé, Aċt cred ḋéanam ris an ccéud tallann noċ ṫug mé do ṡlúaġ Israel? Agus do ḟreagair oglaċ Dé é, Is féidir leis an TTIĠEARNA níos ro ṁó ná so do ṫaḃairt duit.


¶ Agus do ḃí iomarcaiḋ saíḋḃris agus onóra ag Heseciah: agus do rinne sé stórúis do féin ċum airgid, agus ċum óir, agus ċum cioċ mbúaḋa, agus ċum spiosraḋa, agus ċum sciaṫaḋ, agus ċum a nuile ṡort séud náluinn;


Tuilleaṁ oile dullṁuiġ sé ḋó féin caiṫreaċa, agus sealḃa do ṫréuduiḃ agus dealḃaiḃ go lór: óir ṫug Día iomarcaiġ maóine ḋó.


Beinneoċuiḋ sé íad mar an gceadna, agus méideoċaiḋ go mór; agus ní laiġdeoċaiḋ sé a neallaċ.


Is díoṁaóin díḃsi noċ éirġios go moċ ṡiġios go deiġionaċ, noċ íṫios arán an doilġiosa: marsin do ḃéaraiḋ sé codlaḋ dá ḟior gráiḋ.


Oír an ṁéid atá ar na mbeannuġaḋ uaḋsan géaḃuid oiġreaċd na talṁan; agus an luċd do ṁalluiġ sé gearrfar amaċ íad.


Coróin na neagnuiḋe a saiḋḃrios: aċt is leiṁe amadánaċd na namadán.


Is féidir oiġreaċt dfaġáil go lúaṫ air ttosaċ; aċt ní buḋ beannuiġ a ċríoċsin.


Bí droċṡúil ag an té ḋeiṫḃriġios ċum ḃeiṫ saiḋḃir ní ṫuigionn sé go ttiucfa boċtaine air.


Ċor go ttuga mé air an ndroing ler ḃionṁuin mé saiḋḃrios do ṡealḃuġaḋ; agus líonfuíḋ mé a nionnṁusa.


Agus a ccionn ḋeiċ lá do ċonncas a ngnúise ní is breáġḋa agus ní is reiṁe a ḃfeóil ná an ċlann uile noċ a duáiġ do ċuid ronna bíḋ an ríġ.


Do ḃéara mé amaċ é, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus raċuiḋ a steaċ go tiġ an ġaduiġe, agus go tiġ an té do ḃeir mionna bréige fam ainmsi: agus anfa a lár a ṫiġe, agus cnaóiḋfiḋ é maille re na aḋmad agus gun a ċloċaiḃ.


Agus a nois, féuċ, ṫug mé liom céadṫoraḋ a nfearuinn, noċ ṫug tusa ḋaṁ, ó a ṪIĠEARNA. Agus cuirfe tú a ḃfiaġnuisi do ṪIĠEARNA Dé é, agus aḋarfa tú a ḃfiaġnuisi do ṪIĠEARNA Dé:


Agus do ḋéana an TIĠEARNA saiḋḃir a maóin ṫú, a ttoraḋ do ċuirp, agus a ttoraḋ háirnéisi, agus a ttoraḋ do ṫalaiṁ, an sa dúiṫċe noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dot aiṫriḃ do ṫaḃairt ḋuit.


Agus ar gaċ uile ċorr coiṁéadniġsi siḃ féin ar éainni móidiġṫe, deagla go ndeanaḋ siḃ siḃ féin malluiġ, a nuáir ġlacfuiḋe an ní malluiġ, agus go ndéanaḋ siḃ malluġaḋ do ċampa Israel, agus go mbúaiḋeorṫaoi é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ