20 Is airgiod toġṫa teanga a nfíréin: is beag is fíu croiḋe an droċḋuine.
Agus do ċonnairc Día gur ṁór ċionnta an duine air an ttalaṁ, agus gaċ áon ḃreaṫnuġaḋ dá smuaineaḋ a ċroiḋe gurab olc é a ccoṁnuiġe.
Agus do ḃolṫuiġ an TIĠEARNA deaġḃlaḋ; agus a duḃairt an TIĠEARNA ann a ċroiḋe, Ní ṁillfiġ mé aris ann talaṁ ar son an duine ó so amaċ; óir as olc smuáineaḋ croiḋe an duine ón óige: ní mó ḃuáilfeas mé a rís ni is mó, a nuile ní béo mar do rinne mé.
Laiḃeoruiḋ béul a nfíréin eagna, agus laiḃeoruiḋ a ṫeanga breiṫeaṁnus.
Bíḋ drong ann laḃras cosṁuil re sáiṫiḃ cloiḋiṁ: aċt is sláinte teanga a neagnuiḋe.
Is crann beaṫa teanga ḟalláin: aċt is briseaḋ a spioraid urċóid do ḃeiṫ innte.
Is íad puisíne fíreanta dúil nan ríġ; agus is ionṁuin léo an té laḃras an ceart.
Atá ór ann, agus móran do ċloċuiḃ uáisle: aċt is íad bríaṫra a néolus an séud mórluáiġ.
Oír mar ḃreaṫnuiġios iona ċroiḋe, is marsin ḃíos seision: Iṫ agus iḃ, a deir sé riot; aċt ní ḃí a ċroiḋe leaċd.
Is féarr mo ṫoraḋ ná ór, fós, ná ór glan; agus mo ċíos ná airgiod toġṫa.
¶ Atá an croiḋe cealgaċ ós cionn gaċ uile neiṫe, agus ro urċóideaċ: cía ḟéadas a ḟios do ḃeiṫ áige?