Agus tárla, mar do ḃí sé ag caint ris, go nduḃairt an riġ ris, A ndéarnaḋ coṁairleaċ don ríġ ḋíotsa? coisc; cred fá mbuailfiḋ ṫú? Annsin do ċoisc an fáiġ, agus a duḃairt sé, aiṫniġim gur ċinn an TIĠEARNA ar do ṁilleaḋ, do ḃríġ go ndearna tú so, agus nár éist tú rem ċoṁairlesi.
Ná léig lé do ḃéul a ṫáḃairt ar ṫfeóil peacuġaḋ; agus na habair a laṫair a naingil, gurab earráid é: créd as a mbeiṫ fearg ar Ḋía fa do ġlórsa, agus obair do láṁ do ṁilleaḋ?
Taḃruiḋ dá ḃur naire gan éura do ṫaḃairt don tí láḃras riḃ. Oir muna deaċuiġ an dream úd as tug díultaḋ don tí laḃair ríu as uċd Dé ar an dtalaṁ, a né naċ lúġa ná sin raċmaóidne as, dá ndíultam don tí atá ó neaṁ?
Agus a nuáir do ṫóg sé a ṡúile súas, do ċonnairc fear gaḃála ar lear a sráid na caiṫreaċ, agus a duḃairt an seanduine, Cáit á raċa tusa? nó cáit as a ttig tú?