Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 10:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Do níd na daoine críonna stór éoluis: aċt is fogus béul a namadáin daiḋṁilleaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 10:14
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Eístfiḋ an duine críonna, agus méideoċuiḋ sé foġluim; agus tiucfa duine tuicsionaċ ċum coṁairleaċ críonna:


An té ċláonas le na ṡúil taḃuiġ sé dóbrón: aċt tuitfiḋ a nóinṁid ṡíorċainteaċ.


Glacfuiḋ an duine glic a ccroiḋe aiṫeanta ċuiġ: aċt tuitfiḋ an tamadán síorċainteaċ.


Ceiliḋ an duine glic éolus: aċt fúagraiḋ croiḋe na namadán amadánaċt.


An té ċoiṁéadas a ḃéul coiṁéaduiġ sé a anam: aċt an té osclas a ṗnisíne go fairsing díoṫlaiṫriġṫear é.


Ann té agá mbí croiḋe crosta ní ḟaġan sé maiṫ air biṫ: agus an té agá mbí teanga ṁillte tuitiḋ sé a nurċóid.


An té scaras é féin tré ḟonn, íarruiḋ agus beanaiḋ sé ré gaċ uile eagna.


Do ġeiḃ croiḋe an duine eagnuiḋe éolus; agus íárruiḋ clúas an duine ċríonna eagna.


Isé a ḃéul aiḋṁilliḋ a namadain, agus a ṗuisine paintéur a anma fein.


Is ionṁuin leis an té do ġeiḃ eagna a anam féin: an té ċoiṁéadas tuigsi do ġeaḃa sé maiṫ.


Giḋ bé ċongṁas a ḃéul agus a ṫeanga coiṁéaduiġ sé a anam ó ḃuáiḋreaḋ.


Taḃair teagasg do ḋuine ċríonna, agus biáiḋ sé níos críonna: múin duine ionnraic, agus méideoċaiḋ sé a nealaḋain.


Bid bríaṫra ḃéil an duine ġlic grásaṁuil; aċt sluigfid puisíne a namadáin é féin súas.


Do ḃeir an duine maiṫ neiṫer maiṫe as cisde maiṫ a ċroiḋe: agus do ḃeir an droċḋuine droiċneiṫe as a ḋroiċċisde.


Mar an gcéudna, is cosṁail rioġaċd neiṁe lé cisde ar na ḟolaċ a ḃfearann; noċ tar éis a ḟaġála, do ḟoluiġ duine, agus tríd an ngáirdeaċus do ḃí air ar a ṡon imṫiġiḋ sé agus reacaiḋ sé a ḃfuil aige uile, agus ceannuiḋe sé an fearannsin.


Agus a duḃairt seisean ríu, Ar a naḋḃarsin gaċ uile sgrioba atá foġlomṫa ċum ná ríoċaċda neṁḋa is cosṁáil é ré fear tiġe, do ḃeir as a ċisde neiṫer núaḋa agus sean.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ