Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Sín amaċ do láṁ ós cionn ċríċe na Hégipte, do ṫaḃairt na locuistiġ, ar ċor go ttiucfaid súas ar ṫalaṁ na Hégipte, agus go niṫid gaċ uile luiḃ ar an ttaluṁ, a nuile ní dár ḟág an ċloiċṡneaċda.
¶ Ṫug an Tiġearna DIA ḋaṁsa teanga na ndáoine foġlomṫa, go mbeiṫ a ḟios agam ciondus do laiḃeoruinn focal a nam ris an té ḃíos coirṫe: múscluiḋ sé ó ṁaidin go maidin, múscluiḋ sé mo ċluás do ċluinsion mar a néagnuiḋe.
Agus do rinneadar uile fiaḋnuisi leis, agus do ḃí iongantus aca ann sna combráitiḃ grásaṁla do ṫigeaḋ as a ḃéul. Agus a deirdís, An né naċ é so mac Ióseṗ?