12 Dúisgiḋ an fúaṫ imreasuin: aċt folċuiḋ an gráḋ na huile ċionta.
Dúisgiḋ duine niṁneaċ súas ceannairg: aċt an té is mall ċum feirge laġduiġiḋ sé imreasuin.
Toċluiḋ an duine neiṁḋíaḋa olc: agus bi iona ḃéul aṁuil teine lasarḋa.
Giḋ bé ċeilios sáruġaḋ íarruiḋ sé gráḋ; aċt giḋ bé aṫnúaiġios cúis dealniġ sé cáirde.
An té agá mbí croiḋe uáiḃreaċ, cuiriġ sé ceannairg air siuḃal: aċt do ḋéantar méiṫ an té ċuirios a ḋóiġ annsa TIĠEARNA.
Corruiġ an duine feargaċ ceannairg súas, agus lionuiḋ fear na buile lé millteaċus.
Go deiṁin do ḃeir ṁaistriuġaḋ an ḃainne im úaḋ, agus do ḃeir fásgaḋ na srona fuil amaċ: mairsin do ḃeir fóirneart na feirge ceannairg.
Cread as á néirġid cogṫa agus coṁruic eadruiḃ? a né naċ úaḋ so, eaḋon ó ḃur nanntoiluiḃ féin ḃíos ag caṫúġaḋ ann ḃur mballuiḃ?
Bíoḋ a ḟios aige go sárfuiḋ an tí do iompóiġ an peacaċ ó ṡeaċrán a ṡliġeaḋ anam ó ḃás, agus go gcuirfe folaċ ar iomad peacaḋ.
Agus roiṁ na huile neiṫiḃ bíoḋ gráḋ ro ḋioġraiseaċ aguiḃ ḋá ċéile: óir cuirfiḋ an gráḋ folaċ ar iomad peacaḋ.