11 Is tobar beaṫa béul an duine ionruic: aċt folċaiġ foiréigion béul na cciontaċ.
Do ċife an fíréun sin, agus biáiḋ lúaṫġaireaċ: agus druidfe a nuile éaigceart a ḃéul.
Aiṫniġid puisíniġ a nfíréin cred is ionġlacṫa: aċt laḃruiḋ béul an ċiontuiġ go cam.
Atá sonus ar ċeann a nfíréin: aċt folċuiḋ foiréigion béul na cciontaċ.
Dliġeaḋ a neagnuiḋ is tobar na beaṫa é, do ḋealuġaḋ ré líontaiḃ an ḃáis.
Is crann beaṫa teanga ḟalláin: aċt is briseaḋ a spioraid urċóid do ḃeiṫ innte.
Díoscaóilid puisíne a neagnuiḋe éolus: aċt ní marsin do ċroiḋe a nainḃfiosaiġ.
Is aṁuil uisgeaḋa doiṁne bríaṫra ḃéil an duine, agus sruṫ ag tuilíuġaḋ tobar fíoruisge na heagna.
Atá ór ann, agus móran do ċloċuiḃ uáisle: aċt is íad bríaṫra a néolus an séud mórluáiġ.
Ná tiġeaḋ bríaṫar ar biṫ ṫruáilliġe amaċ as ḃur mbéul, aċd giḋ bé bríaṫar ḟoġnas ċum follamnuiġṫe, ionnus go dtíuḃraḋ grása don luċd éisdeaċa.