Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 1:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Oír béid síad iona ccóruġaḋ grás dot ċionn, agus na slaḃraḋuiḃ timċioll do ḃráġad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 1:9
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃeán Ṗárao a ḟáinne dá láiṁ, agus do ċuir sé ar láiṁ Ióseṗ é, agus do ċuir sé culaiḋ ṡíoda uime, agus do ċuir slaḃra óir fa na ḃraġuid.


Ar a naḋḃarsin timċiolluiġ an túaḃar íad mar slaḃraḋ: folċuiḋ an foiréiġon íad mar ċúlaiḋ.


Marsin béid síad na mbeaṫa dot anam, agus na ngrasaiḃ dot ṁuinéul.


Ná tréigeaḋ trócaire agus fírinne ṫú: ceangail fad ḃráġaid íad; scríoḃ íad ar ċlár do ċroiḋe:


Do ḃéara sí dot ċionn deaġṁaisiuġaḋ grás: coroin ġlóire ṡeaċodus sí ḋuit.


Is breáġḋa do ġruáiḋe lé peirsiḃ séud, do ṁuinéal lé slaḃraḋuiḃ óir.


Déiguiḋ tú mo ċroiḋe, a ḋeirḃṡíur, a ḃainċéile; déigniḋ tú mo ċroiḋe le háon dot ṡúiliḃ, le háon tslaḃra dot ṁuineul.


Na slaḃruiḋe, agus na bráisléid, agus na muifléid,


Marso dúṁluiġeamairne do ġúṫ Ionadab ṁic Reċab ar naṫair annsa nuile ní dar áiṫin sé ḋínn, gan fíon dól ar feaḋ ar mbeaṫa, sinn féin, ar mná, ar mic, nó ar ninġeana;


Do sgíaṁuiġ mé ṫú mar an ccéadna lé cúlaḋuiḃ, agus do ċuir mé bráisléid air do láṁuiḃ, agus slaḃraḋ fád ḃráġaid.


Agus do ċúala mé dot ṫaoiḃsi, go ḃféudann tú cíalluġaḋ, agus fúasclaḋ ceastann: a nois má ḟéadann tú an scríḃinnsi do léaġaḋ, agus a cíall dinnisin daṁsa, éideoċar lé scáirléad ṫú, agus biáiḋ slaḃraḋ óir fád ḃráġaid, agus biáiḋ tú ad ṫreas úaċdarán annsa rioġaċt.


Annsin dfúagair Belsassar, agus déaduiġeadar Dániel le scáirléad, agus lé slaḃraḋ óir fá na ḃráġaid, agus ṫugadar fógra ḋa ṫaóiḃ, go mbíaḋ sé na ṫreas úaċdarán san rioġaċd.


Dfúagair an ríġ go hárd na hastroluiġṫe, na Caldéanuiġ, agus an luċt áisdine do ṫaḃairt a steaċ. Agus do laḃair an ríġ, agus a duḃairt ré daóiniḃ eagnuiġe na Babilóine, Giḋ bé ar bioṫ léiġfios an scríḃinnsi, agus ṫaisbeanfus a cíall daṁsa, éideoċar é lé scáirléad, agus do ġeaḃuiḋ sé slaḃraḋ óir timċioll a ḃráġad, agus biáiḋ sé na ṫreas úaċtarán san rioġaċt.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ