Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 1:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Eístfiḋ an duine críonna, agus méideoċuiḋ sé foġluim; agus tiucfa duine tuicsionaċ ċum coṁairleaċ críonna:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 1:5
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla, mar do ḃí sé ag caint ris, go nduḃairt an riġ ris, A ndéarnaḋ coṁairleaċ don ríġ ḋíotsa? coisc; cred fá mbuailfiḋ ṫú? Annsin do ċoisc an fáiġ, agus a duḃairt sé, aiṫniġim gur ċinn an TIĠEARNA ar do ṁilleaḋ, do ḃríġ go ndearna tú so, agus nár éist tú rem ċoṁairlesi.


Ar a naḋḃarsin éistiġ riomsa, siḃsi a ḋaoine tuigsionaċa: go ma fada ḃías ó Ḋía, go ndéanaḋ sé olc; agus ó Nuileċuṁaċdaċ, go ndéanaḋ sé éaigceart.


Má atá tuigse agad a nois, cluin so: éist ré guṫ mo ḃríaṫarsa.


Eístiġ mo ḃríaṫrasa, a ḋaóine críonna; agus tugaiḋ éisteaċd ḋaṁ, a luċd agá ḃfuil an téolus.


Innisidís daóine tuigsionaċa ḋaṁ, agus éisteaḋ duine críonna riom.


Giḋ bé ġráḋuiġios teagasg gráḋuiġiḋ sé eólus: aċt an té ḟúaṫuiġios smaċt is brúideaṁuil é.


Iarruiḋ an tarcuisneaċ eagna, agus ní ḟaġann: aċt is socaṁlaċ éolus don tí ṫuigios.


Do ġeiḃ croiḋe an duine eagnuiḋe éolus; agus íárruiḋ clúas an duine ċríonna eagna.


Buáil an tarcuisneaċ, agus do ḃéara an simpliḋeaċ aire: agus iomaiṫḃír an té agá mbí tuigsi, agus tuigfiḋ sé éolus.


A nuáir smaċtuiġṫear an tarcuisneaċ, do niṫear duine críonna don tsimpliḋeaċ: agus a nuáir ṫeagaisgṫear an duine críonna, gaḃuiḋ sé éolus.


Eistiġ re teagasg, agus bíṫí críonna, agus na díultuiġe é.


Ná haiṫḃioruiġ tarcuisneaċ, deagla go ḃfúaṫoċaḋ sé ṫú: cronuiġ duine críonna, agus ġráiḋeoċuiḋ sé ṫú.


Taḃair teagasg do ḋuine ċríonna, agus biáiḋ sé níos críonna: múin duine ionnraic, agus méideoċaiḋ sé a nealaḋain.


¶ Dfill mé, agus do ċonnairc mé faói an ngréin, náċ don lúaṫ atá an ċoiṁling, nó an caṫ don neartṁar, nó fós an tarán do neagnuiḋ, nó fós saiḋḃrios do na daóiniḃ tuigsionaċa, nó fós faḃar do luċt an ġliocuis; aċt go tteagṁann am agus cinneaṁuin dóiḃ uile.


Laḃruim, mar laiḃeóruinn ré dáoiniḃ tuigsionaċa; beiriḋ féin breiṫ air a ní laḃruim.


Coiṁéuduiġ uime sin agus déanuiḋ íad; óir is í so ḃur críonnaċd agus ḃur ttuígsin a raḋarc na gcineaḋáċ, noċ ċluinfeas na statúidesi uile, agus a déara, Go deiṁin is dáoine críonna agus tuigseaċa an cineaḋ mórsa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ