¶ Gáirdiġ, a ḋuine óig, ann hóige; agus cuireaḋ do ċroiḋe súgaċus ort a láeṫiḃ hóige, agus siuḃail a sliġṫiḃ do ċroiḋe, agus a raḋarc do ṡúl: aċt bíoḋ a ḟios agad, ar son na neiṫionnso uile go ttiuḃraiḋ Día ċum breiṫeaṁnus ṫú.
Agus biáiḋ sliġe ṁór ann sin, agus bealaċ, agus goirfiġear ḋe, Bealaċ na náoṁṫaċda; ní ṡíuḃolnid na neaṁġloin ṫríd; aċt biáiḋ sé na ccoinnesion: an fear siuḃail, agus na hamadáin, ní raċuid a muġa ann.
Coiṁéuduiġ uime sin agus déanuiḋ íad; óir is í so ḃur críonnaċd agus ḃur ttuígsin a raḋarc na gcineaḋáċ, noċ ċluinfeas na statúidesi uile, agus a déara, Go deiṁin is dáoine críonna agus tuigseaċa an cineaḋ mórsa.
Seaċuin mar an gcéudna ainmíana na hóige: agus lean dfíréuntaċd, do ċreideaṁ, do ġráḋ, do ṡíoṫċáin, maille ris an druing ġoireas air an Dtíġearna ó ċroiḋe ġlan.