Toíġfiodsa mar an ccéadna a ttríollasan, agus do ḃéara mé a neagla orra; do ḃríġ nar ḟreagair áon, a nuáir do ġoir mé; a nuáir do laḃair mé, ní ċúaladar: aċd do rinneadar olc ós coinne mo ṡúl, agus do ṫoġadar an ní ann nar ḋúiliġ mé.
Agus teilgfiġear amaċ a sráidiḃ Ierusalem an drong dá ndéanaid síad fáiḋéadóireaċt do ḃriġ na gorta agus an ċloiḋiṁ; agus ní ḃfuiġid síad duine aḋlacus íad féin, a mná, nó a mic, nó a ninġeana: óir dóirtfiḋ misi a nolc féin orra.
Smaiċteoċuiḋ holc féin ṫú, agus imḋeargfuiḋ do sċleaṁnuġaḋ tar hais ṫú; bíoḋ a ḟios agad uimesin, agus faic, gur bolc agus gur searḃ an ní mar ṫréig tú an Tiġearna do ḊIA, agus naċ ḃfuil meaglasa ionnad, a deir an Tiġearna DIA na slóġ.
Aċt smaiċteoċa mé siḃ do réir soċair ḃur ngníoṁ, a deir an TIĠEARNA: agus lasfa mé teine iona ḟoraoissin, agus loisgfiḋ sé a nuile ní na ṫimċioll faccuáirt.
Eíst, a ṫaluiṁ: féuċ, do ḃéara mé olc ar an muinntirsi, eaḋon toraḋ a smúaintiġe, do ḃríġ nár éisteadar rem ḃríaṫruiḃ, nó rem ḋliġeaḋ, aċt a tarcuisniuġaḋ.