Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Ní ḃía mo spiorad a ccoṁnuiḋe ag crionċán ris an nduine, do ḃríġ gur féoil eision mar an ccéudna: giḋeaḋ béid a láeṫe na ccéud agus fiċṫe blíaġan.
Dfosguil mé dom ġráḋ, aċt do ṡeaċuin mo ġráḋ é féin, agus do imṫiġ sé: do ṁainniġ mo ċroiḋe a nuáir do laḃair sé: díarr mé é, aċt ní ḃfuáir mé é; do ġoir mé air, aċt ní ṫug sé freagra orum.
A núair ṫroiscfid síad, ní éistfiḋ misi a ccoṁairc, agus a nuáir ṫáirgfid ofráil loisge agus íoḋbairt, ní ġéaḃa mé íad: aċt muirfiḋ mé leis an ccloiḋeaṁ íad, agus leis an ngorta, agus leis an bpláiġ.
Uimesin do ḋéana misi mar an cceadna ann mfeirg: ní ċoigeola mo ṡúil, ní mó ḃías truáiġe agum: agus bíoḋ go néiġfid am ċlúasaiḃ lé guṫ árd, ṫairis sin ní ċluinfiḋ mé íad.
Agus seaċránfuid ó ḟáirge go fairge, agus ón ttuáisceart gus an noirṫear, rioṫfuid síad síos agus súas díarruiḋ bréiṫre an TIĠEARNA, aċt ní ḃfuiġid síad í.
Annsin éiġfid síad ċum an TIĠEARNA, aċt ní éistfiḋ sé ríu: eaḋon foileoċuiḋ sé a aġaiḋ úaṫa san namsin, mar do iomċradar íad féin go holc iona ngníoṁuiḃ.
Ar a naḋḃarsin ṫáinic a ccríċ, aṁuil do ḟúagair sé, agus nar ḃáill leó éisdeaċt; marsin do eiġiodarsan, agus níor ḃáill liomsa cluinnsion, a deir TIĠEARNA na slóġ: