Aċt do rinneadar magaḋ fa ṫeaċtuiḃ Dé, agus do ṫarcuisniġeadar a ḃríaṫra, agus do easonóruiġeadar a ḟáiġe, nó gur éiriġ feárg an TIĠEARNA re na ṗobal, ionnus naċ raiḃ a ḃfóiriṫin ann.
Uimesin is marso a deir TIĠEARNA Día na slóġ, Día Israel; Féuċ, do ḃéara misi ar Iúdah agus air áitreaḃṫáċaiḃ Ierusalem uile a nuile olc dar ḟúagair mé na naġaiḋ: do ḃríġ gur laḃair mé ríu, aċt ní ċúaladar; agus do ġoir mé orra, agus níor ḟreagradar.