Feáruiḋsi a núas, a neaṁa, ó náird ṡúas, agus dóirtedís na spéiriġ síos firéantaċd: fosclaḋ an talaṁ, agus tugaidís slánuġaḋ amaċ, agus fasaḋ firéantaċt súas le ċéile; misi an TIĠEARNA do ċruṫaiḋ é.
Filliḋ, a ċlann ṁioċoinġiollaċ; a deir an TIĠEARNA; óir atáimsi pósta riḃ: agus glacfa mé siḃ áon as caṫruiġ, agus días as muinntir, agus do ḃéara me siḃ go Sion:
Abair ríu, Mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA, ní ḃfuil sólas ar biṫ agamsa a mbás an ċiontuiġ; aċt go ḃfilleaḋ an ciontaċ ó na ṡliġe agus go mairiḋ sé: filliḋse, filliḋse ó ḃur ndroiċṡliġṫiḃ; óir cred as a néugfaḋ siḃ, a ṫiġ Israel?
¶ Agus tiucfa a ccríċ na ḋiáiġ sin, go ndóirtfiḋ mé mo spiorad air a nuile ḟeóil; agus go ttairrġirfid ḃur mic agus ḃur ninġeana, do ċífid ḃur seandaoine aislinge, do ċífid ḃur nóganuiġ taiḃriġṫe:
¶ Agus dóirtfiḋ mé air ṫiġ Ḋáiḃi, agus ar áitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, spiorad na ngrás agus na neadarġuiḋeaḋ; agus féuċfuid orumsa noċ do ṫolladar, agus caóiḋfid air a ṡonsan, mar ċaóiḋios duine ar son a aoínṁic, agus béid siad a ndoilġios air a ṡon, aṁuil mar ḃíos duine a ndoilġios ar son a ċéidġine.
Ar a naḋḃarsin, más eól dáoiḃsi air mbeiṫ go holc, tioḋluice maiṫe do ṫaḃairt da ḃur gcloinn, an é naċ mó ná sin ḃéaras ḃur naṫairse ó neaṁ an Spiorad Náoṁ don during íarrfas air é?
(Do laḃair sé so a dtimċeall na Spioraide, do ġlacfaidís na dáoine do ċreidfeaḋ ann san: oír ní raiḃ an Spiorad Náoṁ ar na ṫaḃairt fós; ar son naċ raiḃ Iósa fós ar na ġlóruġaḋ.)
Aċd do ḟógair mé do luċd Ḋamascus ar tús, agus a Niarusalem, agus ar feaḋ région ṫíre Iúdaiġe go huiliḋe, agus do na Cineaḋaċaiḃ, aiṫreaċus do ḋéanaṁ agus filleaḋ ċum Dé, ag déunaṁ oibreaċa iomċúḃaiḋ don aiṫriġe.