Agus táinig Maóise agus Aáron a steaċ go Ṗárao, agus a duḃradar ris, Is mar so a deir an TIĠEARNA, Día na Neaḃruiġeaċ, Gá fad ḃias tú ag díultaḋ ṫú féin dúṁluġaḋ dom laṫairse? léig dom ṗobal imṫeaċd, go ndéanaid serḃís daṁ.
Do ċonnairc mé haḋaltrannuis, agus do ṡeitreaċa, gráin do stríopaċuis, do graáineaṁlaċd ar na cnocuiḃ annsna maċairiġiḃ. A ṁairg ḋuit, a Ierusalem! naċ déana tú ṫú féin glan? ca ham fós a ḃías sin?
Agus ar ḃfreagra Diosa a duḃairt sé, A ċineaḋ dóṫeaguisg gan ċreideaṁ, gá fad fós ḃías mé ḃur ḃfoċair? gá fad fos ḟuiléongas mé siḃ? taḃruiḋ ċugamsa ann so é.
A Iérusaléim, A Iérusaléim, ṁarḃus na fáiḋe, agus ġaḃus do ċloċuiḃ ar an luċd ċuirṫear a ttíonsaiḋ, créd a ṁiónca do buḋ áill leam do ċlann do ċruinníuġaḋ re ċeile, mar ċruinniġeas an ċearc a gearrcuiġ fa na sgiaṫánaiḃ, agus níor ḃáill leaċd!
Aċd imṫiġ, agus foġlomaiġ a ċíall so, Trócaire is áill leam, agus ní hióḋbuirt: óir ní ṫáinic misi do ġairm na ḃfíréunaċ, aċd na bpeacaċ do ċum aiṫriġe.
Agus a deir an Sbiorad agus an ḃean núaḋṗosda, Tárr. Agus abraḋ an tí ċluin, Tárr. Agus tagaḋ an tí ar a ḃfuil tart. Agus an tí ler ab áill, glacaḋ sé uisge na beaṫa a naisgiḋ.