21 Eíġiḋ sí annsa náit is mó taṫuiġṫe, a noscaltaiḃ na ngeataḋ: a deir sí a briaṫra annsa ċaṫruiġ, ag raḋ,
Eíġiḋ a neagna amuiġ; léigiḋ sí amaċ a guṫ annsna sráidiḃ:
Gá fad, a ḋaóine simpliḋe, ġráiḋeoċtaoi simpliḋeaċt? agus ḃías dúil ag na tarcuisneaċaiḃ iona ttarcuisne, agus fúaṫoċuid amadáin a neagna?
Naċ éiġionn a neagna? agus naċ ccurionn an tuigsi a guṫ amaċ?
Atá sí ag eíġeaḋ ré táoḃ na ngeataḋa, a bport an ḃaile, mar a ttigṫear a steaċ annsna doirsiḃ.
Do ċuir sí a maiġdiona amaċ: goiriḋ sí ar na háitiḃ is áirde san ċaṫraiḋ.
An ní a deirimsi riḃ ann sa dorċadus, abruiḋsi é ann sa tsolus: agus an ní do ċluinntí in ḃur gclúais, foillsiġe é air ṁullaċ na tiġṫe.
Agus do ċruinniġeadar slúaiġte móra ċuige, ionnas ar ndul a sdeaċ a luing, gor ṡuiḋ sé; agus do ṡeas an slúaġ uile ar an dtráiġ.
Do ḟreaguir Iósa é, Do laḃair misi ós áird ris a tsáoġal; do ṫeagaisg mé do ġnátg ann sa tsínagóig, agus ann sa teampoll, mar a gcruinniġid na Iúdaiġe uile a gceann a ċéile; agus níor laḃair mé éinní a ḃfolaċ.
Imṫiġiḋ róṁaiḃ, agus ar seasaṁ sa teampall dáoiḃ laḃruiḋ ris an bpobal na huile ḃríaṫra na beaṫasa.