20 Eíġiḋ a neagna amuiġ; léigiḋ sí amaċ a guṫ annsna sráidiḃ:
Eíġiḋ sí annsa náit is mó taṫuiġṫe, a noscaltaiḃ na ngeataḋ: a deir sí a briaṫra annsa ċaṫruiġ, ag raḋ,
Do rinne a neagna a tiġ, do ġéarr sí amaċ a seaċt bpiléir:
Do ċuir sí a maiġdiona amaċ: goiriḋ sí ar na háitiḃ is áirde san ċaṫraiḋ.
Agus imṫiġ amaċ go gleann ṁic Hinnom, noċ atá aig dul a steaċ an ġeata ṡoir? agus fúagair annsin na bríaṫra inneosas misi ḋuit;
Agus an tan ṫáinic sé dá ḋuṫuiḋ féin, do ṫeagaisg sé íad ann a sionagóig, ionnas gur ġaḃ iongnaḋ mór íad, agus go nduḃradar, Cáit a bḟúair anfearso a neagnaso, agus ná suḃáilce?
Ar a naḋḃarso a duḃairt eagna Dé, Cuirfe mé fáiḋe agus absdail ċuca, agus muirfid siád agus géarleanfuid cuid dioḃ:
Agus ann sa lá ṁór ḋeiġeanaċ, don tsollamuin, do ṡeas Iósa agus do éiġ sé, ag ráḋ, Má tá tart ar áonduine, tiġeaḋ sé ċugamsa, agus iḃeaḋ sé.
Aċd don druing atá ar na ngairm, eídir Iúdaiġe agus Ġréugaċ, Críosd cúṁaċd Dé, agus eagna Dé.
Aċd as úaḋasan atá siḃse a Niósa Críosd, noċ atá ar na ḋéunaṁ ó Ḋía ḋúinne na eagna, agus na ḟíréuntaċd, agus na náoṁṫaċd, agus na ḟúasglaḋ:
Ann a ḃfuilid na huile ionnṁusa eagna agus éolais folaiġe.